As a member of the Irish Speaking areas in Ireland, the Gaeltacht, I’m passionate about the new found reality of our language and it’s world-wide recognition.
The body charged with responsibility for the language in Ireland, Foras na Gaeilge, went into partnership with Microsoft to develop the GUI of Windows XP Home and Professional editions in Irish. See: Windows XP As Gaeilge

Not a huge advocate of the worldwide company, I have to admire them for making the effort. Indeed, many programs can be found in the Irish language online.
So, with that in mind, I put it to the Minister in charge of the Gaeltacht areas in Ireland, to recommend that the Irish Government conduct it’s business now through the medium of the Irish language. Why should the European Union make the effort to translate documents to Irish when the government here persists in conducting almost it’s entire business schedule in the English language.
Here’s the body of the letter I’ve sent to the Minister. (Yes, it’s in Irish!)
A Aire, a Chara
Táim ag scríobh chughat ar son ábhar na dTeanga Éireannach, an Ghaelige, agus an mí-úsáid atá bainteach leis taréis do Rialtais na hÉireann agus an Aontas Eorpach, aitheantais na dteanga a chur chun cinn le linn an bhlian atá caite.
Tá cuid mhaith fós le déanamh, glacaim, le buanú an Ghaeilge a chinntiú, ach braithim go bhféadfadh cuid mhaith den obair seo a bheith curtha i bhfeidhm anois díreach.
Ar an gcéad dul síos, tá an-chuid mór-le-rá déanta ‘sna meáin cumarsáide faoi chostas an aistriú atá curtha i bhfeidhm le linn an Bille Teangan. ‘Sé an fhadhb atá bainteach leis an aistriú ná go bhfuil sé chomh deacair aistriú téacsanna ón mBéarla go dtí an Ghaolainn toisc an gramadach agus strúctúr difirúla i ngach raon den Rialtas. Ach, fé mar is eol duit fhéin, agus Gaeilgeoirí na tire chomh maith, is teanga breá símplí í an Ghaeilge. Mar sinn, ná beadh sé i bhfad níos fusa aistriú ón nGaolainn go dtí an Bhéarla?
Tuigim gur athraint mór é seo ó réimse an ghnáth oibreachas atá bunaithe ‘sna Tithe Oireachtais ón lá a bunaíodh an Stáit. Ach, sin é an fadhb cinnte díreach. Toisc go ndéanfar gach píosa gnó den Rialtais trí meán an Bhéarla, conas go bhfuil béim ar éinne an Ghaolainn a labhairt nó a fhoghlaim? Seachas na ndaoine atá inti chun airgead ó aistriú a dhéanamh.
Mar sin, táim ag cuardach do thacaíocht, beagáinín brú a chuir ar Rialtas na hÉireann, módhanna oibreachais an Dáil agus Seanad Éireann a athrú go teanga na ndaoine. Má chasann tú ar chainéal teilifíse na bhFraince nó an Ghearmáin fiú, bíonn gnó na Rialtais déanta trí meán a dteanga dhúchais. Fiú amháin Rialtais na Breataine Bige, úsáidtear an teanga dúchais.
Má athraíonn Dáil Éireann agus Seanad Éireann a dteanga cainte agus gnó, gan dabhat beidh ar na meáin cumarsáide, atá ag plé gnó an Rialtais le gnáth dhaoine na tíre gach oíche ar an dteilifís agus an raidió, athrú chomh maith.
Ba cheart go mbeadh Gaeilge ag gach Teachta Dála sa Rialtas, agus mura bhfuil, tá fuílleach ranganna Gaeilge timpeall na tíre chun iad a thraenáil. Ní dheanfadh sé aon díobháil dóibh an teanga a fhoghlaim.
Chuaigh Foras na Gaeilge ag obair le déantóir bog-earraí Microsoft le déanaí agus anois is féidir ríomhairí a bheith úsáidte trí Ghaeilge. Cad ‘na thaobh nár féidir ár Rialtais? Bheadh sé deacair ar dtúis gan amharas, ach i ndáiríre, cén mhaitheas é Aontas na hEorpa a bheith ag athrú téacsanna an gCoimisiúin nó an Pháirlimint Eorpach go Ghaeilge fad is atá Rialtas na hÉireann ag obair as Béarla gan aon béim ná tacaíocht don dteanga inti.
Tá sé in am athrú a dhéanamh i Rialtas na hÉireann, agus ós rud é gur tusa an duine atá i bhfeidhle ar an dTeanga i ngnó na Rialtais, lorgaím uaitse dul in aghaidh an Rialtas agus brú a chur ortha cabhrú leat.
Go raibh maith agat as do chuid ama. Beir bua, agus Rath Dé ar an Obair.
I’ll be back with the reply as soon as I recieve it. (Be prepared to wait!)
diarmy